Categories
Uncategorized

Amhráin na bhFiann

by Admin · July 4, 2011

Amhráin na bhFiann (Click for English version A Soldier’s Song)

Seo dhaoíbh, a cháirde duan Óglaigh, Caithréimeach, bríomhar, ceolmhar, Á r dtintne cnámh go buacach táid, ‘S an spéir go mín réaltógach; Is fonnmhar faobhrach sinn chun gleo, ‘S go tiúnmhar glé roimh thíocht don lá Faoi chiúnas caomh na hoíche ar seal

Seo libh canaig’ Amhrán na bhFiann.

Sinne Fianna Fáil Atá fé gheall ag Éirinn, buion dár slua Thar toinn do ráinig chugainn, Fé mhóid bheith saor. Sean tír ár sinsir feasta Ní fhagfar fé’n tiorán ná fén tráil Anocht a théam sa bhearna bhaoil, Le gean ar Ghaeil chun báis nó saoil Le guna screach fé lámhach na bpiléar

Seo libh canaídh Amhrán na bhFiann.

Cois bánta réidhe, ar árdaibh sléibhe, Ba bhuachach ár sinsir romhainn, Ag lámhach go tréan fé’n sár-bhrat séin Tá thuas sa ghaoith go seolta Ba dhúchas riamh d’ár gcine cháidh Gan iompáil siar ó imirt áir, ‘S ag siúl mar iad i gcoinne námhad

Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann

Sinne Fianna Fáil Atá fé gheall ag Éirinn, buion dár slua Thar toinn do ráinig chugainn, Fé mhóid bheith saor. Sean tír ár sinsir feasta Ní fhagfar fé’n tiorán ná fén tráil Anocht a théam sa bhearna bhaoil, Le gean ar Ghaeil chun báis nó saoil Le guna screach fé lámhach na bpiléar

Seo libh canaídh Amhrán na bhFiann.

Tags: Amhráin na bhFiannIrish National AnthemIrish National Anthem In IrishThe Soldier’s Song